Nuacht

Onóir don Luimníoch, Proinsias de Priondargást

(ó Liam Mac Mathuna)

DSC_0781In aitheantas dá shaol-oibre ar shon na Gaeilge bhron Craobh Chathair Luimnigh an onóir, Ball Shaol Onóroch, ar Phoinsias de Priondargást. Bhronn Cathaoirleach na Craoibhe, Phyllis Ui Cheallaigh, an onóir ar Phroinsias i Halla Ide, Luimneach an 5ú lá de Dheireadh Fomhair 2014.

Rugadh Proinsias i Sráid Hartstonge, Luimneach i 1933.  Bhi a shin-shean-athair, Liam Ó Murchú, agus a shean-athair, Riobáird Ó Murchú, gníomhach sa Chonradh ag an ama a bhí Pádraig Mac Piarais ag scríobh An Chlaiomh Solais agus luadh an bheirt acu sa Chlaiomh Solais mar gaeilgóiri den scoth. Ní raibh an Ghaeilge ag a athair Sam Prendargast ach spreag sé a chlann uile chun an Gheailge a labhairt. Bhi Gaeilge líofa ag a bhráithreacha Cyril (n.m), Ralph agus Vincent agus ag a dheirfiúracha, Helen (n.m.), Mai agus Ann.

D’fhreastal Proinsias ar an bhunscoil lán-ghealach i Luimneach, an Mhodh Scoil ar dtús agus ansin d’aistrigh sé go dtí Scoil Sráid Sheasnán, scoil na mBráithre Criostaí áit ar mhuineadh é tri mheán na Gaeilge.  Ag aois a 12, seachtó bliain ó shin d’fhreastal sé ar ranganna ceoil agus rince i Halla Íde, halla an Chonartha i Luimneach agus ba é Criostóir O Flóinn, an túdar cáiliúil, an múinteoir a bhí aige.

‘Sna hoctóídi scriobh Proinsias altanna don iris, ‘Anois’, ar feadh ceithre bliana agus ina dhiaidh sin scriobh sé altanna as Gaeilge san nuachtán áitiúil, an ‘Limerick Leader’, ar feadh bliain. D’fhoilsíodh na haltanna a scriobh sé sa ‘Limerick Leader’ mar leabhar dár teidil, ‘Dála an Scéil’. Nuair a toghadh é mar Theachta Dála do Pháirtí an Lucht Oibre do Luimneach Thoir bhunaigh sé Coiste Dála na Gaeilge agus is min-minic a leabhair sé as Gaeilge sa Dáil. Nuair a toghadh é mar Mhéara Luimnigh d’úsáid sé an Ghaeilge comh maith leis an Béarla gach uair a bhi sé ag labhairt go poiblí.

Ar feadh na deacóidí tá sé ag tabhairt agallaimh do Radió na Gaeltachta, TG4 agus do Radio Uladh ón a shuiomh i gcathair Luimnigh. I rith a shaoil i bPáirtí an Lucht Oibre bhí sé i gcomhluadar lena lán Gaeilgóirí den scoth mar an tUachtarán, Michéal D. Ó hUiginn, Eamon Gilmore agus freisin an pholatóir Eithne Fitzgerald. Tá pobal bríomhar Gaeilge in gcathair Luimnigh agus is minic a mhaíomh Proinsias go bhfuil a lán daoine sa chathair nach labhair sé ach tri mheán na Gaeilge i rith na mblianta.

San am chéanna, bhronn Proinsias DVD ar Craobh Chathair Luimnigh a léirionn turas timpeall cathair Luimnigh le Phroinsias inar léirionn sé stair an chathair as Gaeilge. Bhí áthas ar an Chraobh an DVD seo a ghlacadh uaigh.

Is laoch é Proinsias de Priondargást imeasc Gaeilgóiri Luimnigh agus na tíre.

Advertisements

Plé

Gan freagra fós.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

an doras dearg

Conradh na Gaeilge ar Twitter