Nuacht

Seán Ó hAllmhuráin, suaimhneas síoraí dá anam

tealight(ó Liam Mac Mathuna)

D’imigh Seán Ó hAllmhuráin, laoch imeasc Gaeilgóirí Luimnigh, ar shli na fírinne ar an 5ú lá Deireadh Fómhair 2014. D’fhreastal Seán mar oifigeach de Chraobh Chathair Luimnigh, Conradh na Gaeilge ar feadh breis agus seasca bliain. D’fhreastal sé mar bhall de Choiste na Craoibhe agus ansin mar oifigeach de Choiste Dúiche agus Choiste Contae Luimnigh ina dhiaidh sin ó na blianta dachaidí i leith. ‘Sé Seán a mheal Bárdas Luimnigh na comharthaí sráideanna poiblí i gCathair Luimnigh a thaispeáint go dátheangach tríd an chathair.

Cúpla bliain ó shin bhronn Craobh Chathair Luimnigh portráid ar Sheán. Tá áit lárnach ag an portráid san oifig i Halla Ide, Luimneach, ceannaras na craoibhe.

Rugadh Seán i Luimneach i bhFeabhra 1926. D’fhreastal sé ar an scoil lán-ghaelach sa chathair, An Mhódh Scoil, agus ansin chuaigh sé go dtí Sráid Seasnáin, scoil na Braithre Chríostaí. I rith an Dara Cogadh Domhanda chuaig sé isteach i Loingeas Trádála na Breataine. I 1943 chuaigh sé ar bhord an long, ‘MV Hoperidge’ i mBéal Feiriste mar oifigeagch radio agus i rith an chogaidh bhí sé ar lonnú in aice le chósta an Ind agus an Astráil.

Tar éis an chogadh i 1947 chuaigh sé isteach sa státsheirbhis mar innealtóir sa Sheirbhís Cumarsáide an Atlantic Thuaidh i mBaile Girín in Aerfort na Sionnaine. Chaith sé 40 blian seirbhís gan lá amháin a chailiúnt.

Fear mór siúil ba ea Seán. Uaireanta shiúlfadh sé ó Luimneach go hInis, d’fhanfadh sé thar oiche agus ansin shiúlfadh sé thar n-ais go Luimneach. Ba bhreá leis an rothaíocht freisin agus uair amháin thaisteal se ar an rothar ó Luimneach go Cathair Chorcaigh agus thar n-ais.

Ag tabhairt óráid i rith Aifreann na Marbh do Shéan léirigh Seán Ó Morónaigh go mbíodh Seán lonnaithe ar an tríú urlár i Halla Íde ‘sna seascoidí (roimh ré na riomhairí) ag clóbhualdh ar clóscriobhán. Chuir sé fuaim chlóscriobháin Sheáin i gcomparáid le ‘cuisle’ tríd an fhoirgnimh.

Ta laoch eile de Shean-Ghaeilgóiri na tíre imithe ar shli na fírinne. Sheas síad an fód don teanga nuair ba ghá é. ‘’Ni bheidh a leithéid arís ann’’ Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Advertisements

Plé

Gan freagra fós.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

an doras dearg

Conradh na Gaeilge ar Twitter