Conradh na Gaeilge, Luimneach

Conradh na Gaeilge, Luimneach has written 29 posts for Conradh na Gaeilge

Aifreann Cuimhneacháin, 15 Eanáir 2017

Beidh aifreann cuimhneacháin ar siúl ag deireadh mhí Eanáir i gcomóradh iar-bhaill de Chraobh Chathair Luimnigh, Conradh na Gaeilge agus de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Co. Luimnigh atá imithe ar shlí na fírinne: 10.00 r.n., Domhnach, 31 Eanáir 2016, Séipéal Naomh Mícheál, Sráid na Danmhairge, Luimneach

Tuilleadh

Advertisements

Lá breithe sona a Sheáin!

Tionólfar aifreann speisialta an Domhnach seo chun breithlá 90ú bliain d’aois Seán O’Lochrain a cheiliúradh. Is ball fadtéarmach é Seán de Chonradh na Gaeilge agus de Choiste, Craobh Cathair Luimnigh, CnaG. Bígí linn Dé Domhnach, 16 Deireadh Fomhair 2016 ag 10.00 r.n. i Séipéal Naomh Micheál, Sráid na Danmhairge, Luimneach. Beidh solaistí le fáil tar éis … Tuilleadh

Tá an Fóram Gnímh ag teacht, 26 Eanáir

Fóram le gníomhartha a shocrú le héilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach san Olltoghchán in 2016. Ar siúl in Halla Íde, Conradh na Gaeilge, Sráid Thomáis, Luimneach ar an 26ú Eanáir, 19:30 san oíche. Bígí linn!

Aifreann Cuimhneacháin, 31 Eanáir

Beidh aifreann cuimhneacháin ar siúl ag deireadh mhí Eanáir i gcomóradh iar-bhaill de Chraobh Chathair Luimnigh, Conradh na Gaeilge agus de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Co. Luimnigh atá imithe ar shlí na fírinne: 10.00 r.n., Domhnach, 31 Eanáir 2016, Séipéal Naomh Mícheál, Sráid na Danmhairge, Luimneach

Oíche Cheoil, 11 Nollaig

Beidh Oíche Cheoil ar siúil againn Dé hAoine, 11 Nollaig, 2015, le ceoltóirí óga Anne Marie Kelly agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann Muiríoch/Bóthar, sa Chistin, mar is gnáth, ag 8.00 i.n. Fáilte roimh gach éinne!

Dráma ‘Éirí na Gealaí’ sa Chistin Dé Déardaoin

Mar cheiliuradh ar Éirí Amach na Casca, beidh an dráma ‘Éirí na Gealaí’ ar siúl againn ar an Déardaoin seo (26 Samhain), le hAisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise, i gcomhar leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Ag tosú 8.00 i.n., sa Chistin, Conradh na Gaeilge, 18 Sráid Thomáis, Luimneach  

‘Sliocht’

‘Sliocht’ ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile, le Cló-Iar Chonnacht. Dé Déardaoin, 5 Samhain 2015 ag 8.00 i.n. ins ‘An Siopa Leabhair’, Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach

Oíche Cheol sa Chistin an mhí seo

Oíche Cheol – Le ceoltóirí Ann-Marie Kelly,  30 Deireadh Fómhair 2015,  sa Chistin, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Bunaitheoirí: 7.30 – 8.30 i.n. Ard-Leibhéal: 8.30 – 10.00 i.n.

Ceol, Amhráin, Lúbíní agus Dráma

Ceol, Amhráin, Lúbíní le Ghrúpa Cúl Aodha agus Dráma le hAisteoirí an Aonaigh – ‘Cogar sa Pháirc’ le Alan Ayckbourn. (!) Dáta athraithe, go dtí Dé Déardaoin, 12 Samhain 2015 ag 8.30 i.n., sa Chistin, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Eagraithe ag an Chomhlachas Náisiúnta Dramaíochta.

Oíche Chultúir

Tá an dráma Caitlín Ní Uallacháin curtha ar ceal a chairde, ach tá an oíche chultúir ag leanúint ar aghaidh sa Chistin, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. 1. Oíche Chultúir Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2015, 19.00 – 22.00 Ceol – Amhráin – Rince – Cupán Tae 2. [AR CEAL] Comóradh ar Éirí Amach 1916: “Caitlín Ní Uallacháin”, Dráma … Tuilleadh

an doras dearg

Conradh na Gaeilge ar Twitter